KmPlot





CUR SÍOS:
Is clár é KmPlot chun graif feidhmeanna, a n-iomláine nó a gcuid díorthach a bhreacadh. Is féidir na graif a dhathú agus tá an radharc an-chumraithe, inscálaithe, agus is féidir é a zúmáil. Tá parsálaí cumhachtach matamaitice sa chlár, cineálacha éagsúla ceapach (cairtéiseach, paraiméadrach, polar, intuigthe, difreálach), agus soláthraíonn sé uirlisí simplí matamaitice mar uasmhéid/íosmhéid feidhm a aimsiú. Is féidir feidhmeanna paraiméadracha a léirshamhlú ach an paraiméadar athraitheach a choigeartú trí shleamhnán. Is féidir ceapacha a onnmhairiú mar phictiúir i bhformáid léarscáile giotán (BMP, PNG) agus is féidir iad a phriontáil.

